An choibhéis dhinimiciúil agus an choibhéis fhoirmiúilDhá theicníc difriúla d’aistriúchán is ea an choibhéis dhinimiciúil agus an choibhéis fhoirmiúil, a bhaintear triail astu chun leibhéil éagsúla d’aistriúchán litriúil den téacs foinnseach a tharraingt sa sprioctheanga. Cuirtear an dá theicníc seo i bhfeidhm in aistriúchán bíobalta. Is minic a smaoinítear ar an dá théarma, go bunúsach, mar aistriúchán ciall-ar-chiall (ag aistriú brí d’phrásaí nó d’abairtí iomlána) agus aistriúchán focal-ar-fhocal (ag aistriú brí focal nó phrásaí ar bhealach níos litriúla) faoi seach. Modhanna cleachta san aistriúchánDe ghnáth, cuireann an choibhéis fhoirmiúil béim ar dhílseacht a tharraingt maidir leis na mionsonraí foclóireachta agus le struchtúr gramadach an bhunteanga, agus déanann an choibhéis dhinimiciúil aistiúchán níos nádúrtha a tharraingt, ach gan a bheith chomh chruinn go litriúil. Níos déanaí ina shaol, rinne Nida bearna a chur idir é féin agus an téarma "coibhéis dhinimiciúil" toisc gur tharla gur thaitin an téarma “an choibhéiseacht fheidhmiúil leis".[1][2][3] Ní amháin go gcuirtear in iúl an coibhéiseacht idir feidhm an téacs fhoinsigh sa chultúr foinnseach agus feidhm an spriocthéacs (an t-aistriúchán) sa sprioc-chultúr leis an téarma “an choibhéis fheidmhiúil”, ach gur féidir “an fheidhm” a thuiscint mar gné den teács. Is féidir smaoineamh ar an gcoibhéis fheidhmiúil mar an tslí ina n-idirghníomhaíonn daoine laistigh de chultúir éagsúla. An teoiric agus an cleachtasOs rud é go dtugtar níos mó béime ar léiriú nádúrtha sa sprioctheanga ná ar an gá atá ann go gcloítear le struchtúr gramadaí an bhuntéacs san choibhéis dhinimiciúil, is minic a chuirtear i bhfeidhm í nuair is tábhachtaí éascaíocht léimh an aistriúcháin ná tarraingt struchtúr gramadaí an bhuntéacs ann. [...] Aistriúchán an BhíoblaTá bealaithe éagsúla chur chuige curtha i bhfeidhm ag aistritheoirí an Bhíobla agus iad á aistriú go Béarla, agus feictear réimse fairsing de chineálacha aistriúcháin, idir an úsáid foircneach den choibhéis fhoirmiúil agus úsáid foircneach den choibhéis dhinimiciúil.[4]
Féach freisinTagairtí
Information related to An choibhéis dhinimiciúil agus an choibhéis fhoirmiúil |
Portal di Ensiklopedia Dunia