An Ré Heilléanaíoch

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Ré Heilléanaíoch
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Cineáltréimhse stairiúil
cultúr
stíl ealaíne
middle chronology (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid dehistory of the Mediterranean region (en) Aistrigh, an tSean-Ghréig agus an Éigipt Ghréag-Rómhánach Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse323 "RCh" - 30 "RCh"
Codanna
Léarscáil den Mheánmhuir agus Iarthar agus Lár na hÁise, i ndathanna éagsúla
Na ríochtaí Helléanaíocha

Is éard atá i gceist leis an Ré Heilléanaíoch ná an tréimhse ó bhás Alastair Mhóir sa bhliain 323 roimh Chríost go tús na Ré Rómhánaí, is é sin, cath Actium sa bhliain 31 roimh Chríost chomh maith leis an ngabháltas a rinne na Rómhánaigh ar an Éigipt, a bhí á rialú ag rítheaghlach na dTolamaesach san am. An tréimhse i stair na Gréige roimh an Ré Heilléanaíoch is í tréimhse na Gréige Clasaicí í, agus is í an Ghréig Rómhánach a tháinig i ndiaidh na Ré Heilléanaíche. Tá an focal sin Heilléanaíoch fréamhaithe as ainm na Gréige sa tSean-Ghréigis, mar atá, Hellas, ach is ionann an saol Heilléanaíoch agus na tíortha a ndeachaigh cultúr agus teanga na Gréige go mór i bhfeidhm orthu - is é sin, an Domhan Thoir i ndiaidh na ngabháltas a rinne Alastar Mór.

Bhain tionchar na Gréige ar na tíortha eile amach a bhuaicphointe sa Ré Heilléanaíoch. Shroich an tionchar sin an India féin, agus bhí sé le mothú i gcúrsaí na n-ealaíon, na hastralaíochta, na dturas fionnachtana, na litríochta, na hamharclannaíochta, na hailtireachta, an cheoil, na matamaitice, na fealsúnachta agus na heolaíochta. Mar sin féin is minic a deirtear nach raibh sa ré seo ach tréimhse idir eatarthu, nó fiú, nach ndeachaigh an Ghréig ach chun donais san am i gcomparáid le tréimhse na Gréige Clasaicí. Mar sin féin, is sa Ré Heilléanaíoch a tháinig an Chóiméide Nua, an fhilíocht Alastrach, an Seachtód, agus scoileanna fealsúnachta an Stóchais, an Eipiciúrachais agus an Phiorróineachais ar an bhfód. Bhí an eolaíocht Ghréagach á cur chun cinn ag an matamaiticeoir Eoiclíd agus ag an ileolaí Airciméidéas. D'fháiltigh saol an chreidimh isteach déithe nua cosúil le Serapis (dia Gréigeach-Éigipteach), déithe ón Domhan Thoir cosúil le hAttis agus Cybele, agus tháinig creideamh nua measctha (sincréiteachas) chun saoil in Iarthuaisceart na hIndia agus sa Bhaictria a bhí comhdhéanta as an mBúdachas agus as an gcultúr Heilléanaíoch.

Féach freisin

Tagairtí

Information related to An Ré Heilléanaíoch

Prefix: a b c d e f g h i j k l m n o p q r s t u v w x y z 0 1 2 3 4 5 6 7 8 9

Portal di Ensiklopedia Dunia

Kembali kehalaman sebelumnya