Drochaid a' Chòta
Is baile é Drochaid a' Chòta (An Béarla Gallda: Cotbrig nó Coatbrig) [1]. atá suite in gComhairle Shiorrachd Lannraig a Tuath. Tá sé i ngar do Glaschú. Tá pobal mór Éireannach ann. Thosaigh stair nua-aimseartha Dhrochaid a' Chòta sa 19ú haois. D'oscail Rèile Bad nam Manach is Cair Ceann Tulaich ann sa bhliain 1826 agus tugadh an leasainm "Crewe Tuathach" [2] ar an bhaile. Chuaigh a lán daoine as Éirinn ar imirce go dtí an áit chun obair ins na hoibreacha iarainn, agus de réir an daonáirimh sa bhliain 1851m rugadh 35.2% de mhuintir Dhrochaid a' Chòta in Éirinn, i gcomparáid le 7.2% in Albain ina iomláine. Sa bhliain 2001 bhí 41,170 duine ina gcónaí anseo. Cé gur lean an tionscal trom ar aghaidh i nDrochaid a' Chòta ar feadh blianta fada, mar gheall ar stailceanna agus dúlagar eacnamaíoch sna 1920idí, múchadh foirnéisí Summerlee den uair dheireanach sa bhliain 1926. Ag deireadh na 1930idí, leagadh an láithreán agus clúdaíodh iarsmaí na n-oibreacha iarainn. LogainmIs sa bhliain 1755 atá Drochaid a' Chòta le feiceáil ar shuirbhéireacht William Roy mar Cottbrig, ceann de roinnt áiteanna ar eastát níos leithne de chuig Coats. Is dócha go dtagann an t-ainm Coats ón Bhéarla Gallda cot(t), a chiallaíonn "teachín",[3] cé go nascann teoiric mhalartach é le hainm an teaghlaigh Colt, a raibh seilbh aige ar thalamh anseo chomh luath leis an 13ú haois..[4] Daoine cáiliúla
Tagairtí
Information related to Drochaid a' Chòta |
Portal di Ensiklopedia Dunia